Bunmhúinteoirí a oiltear thar lear agus an Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge

Mac Sheáin-Mac Eochaidh, Seán (2011) Bunmhúinteoirí a oiltear thar lear agus an Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Masters thesis, Waterford Institute of Technology.

[thumbnail of Seán Mac Sheáin_Mac Eochaidh_tráchtas_MA_18_Samhain_2011.pdf]
Preview
PDF
Seán Mac Sheáin_Mac Eochaidh_tráchtas_MA_18_Samhain_2011.pdf

Download (2MB) | Preview

Abstract

Seo tráchtas faoi stair oideachais iarchéimithe a théann thar lear d’fhonn a gcáilithe mar bhunmhúinteoirí. Tá soiléiriú ar a bhfuil le déanamh acu ar a slí chun cáilithe óna mbunscolaíocht féin ar aghaidh, go gcasann siad ar Éirinn ag lorg oibre inár mbunscoileanna. Lorgaíonn an staidéar na fáthanna go dtéann na hiarchéimithe Éireannacha seo chun na Breataine go bliantúil ar an gcéad dulsíos agus na himpleachtaí a ghabhann leis seo i dtaobh múineadh na Gaeilge inár mbunscoileanna. Rinneadh an staidéar le cabhair ó theagascóirí Gaeilge, le 157 d’iarchéimithe ar fud na tíre a d’fhill go hÉirinn tar éis cáiliú sa Bhreatain, le hoideachasóirí coláiste oideachais in Éirinn, le mic léinn coláistí oiliúna oideachais éagsúla in Éirinn agus sa Bhreatain agus le meantóir bunscoile. Tráchtar ar bhunmhúinteoirí anseo agus a ngluaiseacht chun cáilithe. Rinneadh comparáid idir stádas na teanga anseo agus stádas mionteangacha Eorpacha eile, faoi bhunscolaíocht sna tíortha lena mbaineann siad agus i dtaobh na dteangacha neamhfhorleathana sna tíortha sin ach go háirithe. Feictear ó thorthaí an staidéir gur gá a thuilleadh iniúchta a dhéanamh faoi roghnú iarratasóirí ar chúrsaí oiliúna oideachais anseo in Éirinn, ar an gcúrsa iarchéime ach go háirithe. Tá pointí tábhachtacha i gceist maidir le stádas na mbunmhúinteoirí a oiltear thar lear. Níl aon mheasúnú déanta fós ar thurraing na mbunmhúinteoirí seo ar an gcóras oideachais nó ar an nGaeilge agus ar mhúineadh na Gaeilge, inár mbunscoileanna. Tá páirt lárnach ag páistí a ranganna agus cearta na bpáistí iontu, de réir an Bhunreachta agus gach a léirítear ann faoin teanga. Cinntítear ón staidéar go bhfuil ceisteanna tábhachtacha ag baint leis an stádas seo. Tá fadhbanna le réiteach ag an rialtas agus ag údaráis oideachais faoina ndualgais i leith na teanga, faoina ndualgais i leith na bpáistí inár mbunscoileanna agus i leith na mbunmhúinteoirí áirithe seo a oiltear thar lear.

Item Type: Thesis (Masters)
Uncontrolled Keywords: Oideachais
Departments or Groups: *NONE OF THESE*
Divisions: School of Humanities > Department of Applied Arts
Depositing User: Derek Langford
Date Deposited: 23 Nov 2011 14:23
Last Modified: 22 Aug 2016 10:26
URI: https://repository.wit.ie/id/eprint/1685

Actions (login required)

View Item View Item